Ba chóir dúinn ar fad gach deis sa saol a thapú, agus níl aon áit níos fearr chun é sin a dhéanamh ná i gceann de na contaetha áille i Réigiún an Atlantaigh.
Agus spás ann le cruthú agus le taiscéaladh, le hobair ann agus le taitneamh a bhaint as an taobh amuigh, is áit fhoirfe é Réigiún an Atlantaigh do do ghairm bheatha – agus is féidir leat taitneamh a bhaint as stíl mhaireachtála iontach ann freisin. Agus costais mhaireachtála suas le 30% níos saoire ná Baile Átha Cliath agus amanna níos gairide timaistrithe ann, níl aon teorainn leis na deiseanna atá ann duit. Ní raibh sé chomh héasca riamh tús a chur le heachtra Atlantach agus go leor folúntas agus roghanna éagsúla maireachtála le fáil anseo. Seachas na tréithe geografacha, baineann go leor de na tréithe céanna le Conair Eacnamaíochta an Atlantaigh agus le Slí an Atlantaigh Fhiáin.










Bunaíodh Coláiste Mhuire gan Smál in 1898 agus is Coláiste Caitliceach Oideachais agus Saorealaíon é. Cuireann an Coláiste réimse leathan clár ar fáil san Oideachas agus sna Saorealaíona ag leibhéal fochéime agus iarchéime agus tá beagnach 5,000 mac léinn i mbun staidéir anseo. Cuireann an Coláiste naoi gclár fochéime agus go leor cláir iarchéime go dtí leibhéal dochtúireachta san Oideachas agus sna Saorealaíona ar fáil. Is cinnte go bhfuil clár anseo duit leis na cúrsaí san Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach agus na conairí éagsúla rochtana agus cuimsithe atá againn. Ar ndóigh, cuireann daoine óga isteach ar chúrsaí tar éis na hArdteistiméireachta tríd an CAO, ach tá daoine de gach aois ó chúlraí éagsúla i bpobal an choláiste agus d’úsáid go leor acu bealaí difriúla chun áit a fháil sa Choláiste.
