Posts

Cruthú de chuid an Atlantaigh Fhiáin atá oiriúnach d’Uachtarán na Stát Aontaithe

Spreagann an fharraige seodra Martina Hamilton, an seodóir as Sligeach

Spreag an tAtlantach go leor de na cruthaitheoirí is fearr ar domhan, an seodóir agus an gabha buí a bhfuil duaiseanna buaite aici, Martina Hamilton, san áireamh.

Is contae ina bhfuil “áilleacht agus saibhreas den scoth” í Sligeach dar le Martina agus is léir go bhfuil an bheirt acu foirfe dá chéile.

Is amhlaidh atá mar go spreagann tírdhreach iontach an Atlantaigh a bhíonn ag athrú i gcónaí agus a cuid sinsear, a chónaigh ar Dhairinis amach ó chósta an iarthuaiscirt tráth, a cuid dearaí.

B’fhéidir go bhfaighimid an léiriú is soiléire ar a grá don fharraige ina bailiúchán Shore, ina bhfuil loirg sa ghaineamh ón taoide, faochain ar charraigeacha, agus oisrí agus péarlaí.

Is í an garraíodóir iomráiteach agus láithreoir RTÉ, Leonie Cornelius, ambasadóir oifigiúil an bhranda, rud a léiríonn an tóir atá ar chuideachtaí Chonair an Atlantaigh i gcéin is i gcóngair.

Dúirt Martina: “D’fhás mé aníos i Lios an Daill agus tá an chaoi a ndeachaigh sé i bhfeidhm orm an-fhollasach. D’fhás mé aníos in aice leis an bhfarraige agus chuaigh mé go dtí an trá go minic. Níl a fhios agam cén fáth ar spreag an tAtlantach mo chuid saothair, ach is rud a bhfuil an-tábhacht leis i mo dhánlann é.”

Dúirt sí freisin: “Fuair mé tacaíocht iontach le linn mo ghairme ó mo chairde agus ó dhaoine a bhfuil aithne agam orthu ó dhaoine eile. Creidim go láidir, áfach, go mbaineann gach duine tairbhe as bheith ag obair i ngrúpaí. Bíonn tionchar fadtréimhseach ag roinnt ort.”

Is féidir teacht ar bhailiúcháin Martina ina siopa The Cat and the Moon i Sligeach, agus i mBailiúchán an tSeodra Éireannaigh de chuid Arnotts, Avoca, Designyard, House of Ireland, Kilkenny Design, Kilkenny Shop agus Steensons i mBéal Feirste.

Bloc togála ratha

Cuireann spás comhoibríoch oibre aoibhneas na n-oifigí nua-aimseartha agus lúcháir eachtraíocht Shligigh ar fáil.

Caighdeán na beatha; cothromaíocht oibre is saoil; timaistir ghairide.

Seo cuid de na buntáistí a bhaineann le bheith ag obair ar Chonair an Atlantaigh.

Tá an-rath ar an réigiún mar gheall ar an lucht saothair atá ar fáil ar fud chósta an iarthair – níl teorainn lena chumas
Sampla maith den lucht saothair tréitheach seo ná The Building Block i Sligeach a chuireann oifigí úrscothacha a d’fhéadfaí a fháil ar cíos agus spásanna táirgiúla nasctha ar fáil.

Is as tíortha éagsúla do na daoine a oibríonn san fhoirgneamh, lena n-áirítear Éire, an tSualainn, Ceanada, na Stáit Aontaithe agus an Chóiré Theas.

Ní hamháin gur áit mhaith oibre í Sligeach, áit a léiríonn eachtraíocht an Atlantaigh Fhiáin, ach tá sí lán le spraoi freisin.
Dúit Denise Rushe, Bainisteoir ar The Building Block: “Is áit uirbeach í Sligeach ach tá tírdhreach álainn agus deiseanna eachtraíochta inti freisin. Tá sé deacair teacht air sin áit ar bith eile.

“Déanann na daoine a oibríonn in The Building Block a mhór de chathair bheag a bhfuil pobal mór inti agus tá go leor de na daoine seo ag teacht abhaile chuig an áit inar fhás siad aníos, rud atá an-tábhachtach.”

Faightear céimithe ardchaighdeáin ó institiúidí tríú leibhéal, an Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach san áireamh, ar Chonair an Atlantaigh freisin.

Molann Denise an obair a dhéanann siad don lucht saothair áitiúil mar go bhfuil go leor acu ina n-intéirnigh nó ina bhfostaithe le The Building Block.

“Tugann siad smaointe nua agus cineálacha nua cur chuige do thionscadail,” a dúirt Denise. “Is iomaí buntáiste a bhaineann leis seo agus tá an t-ádh orainn go bhfuil caidreamh dá leithéid againn leis an Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach.”

Cuireann The Building Block dlúthphobal ar fáil do chuideachtaí agus d’oibrithe ciana a bhaineann tairbhe as an leathanbhanda ardluais, as na seomraí cruinnithe ardsonraíochta agus as an taobh istigh atá spéiriúil agus spreagúil.

“Baineann cuideachtaí beaga tairbhe ar leith as,” a dúirt sí. “D’fhéadfaidís acmhainní, agus fadhbanna fiú, a roinnt. Is mór an cúnamh é fadhb a roinnt.”

Borradh faoi mhol ríthábhachtach Atlantach

Tá todhchaí dhearfach amach roimh Aerfort Iarthar Éireann

Bíonn an t-aerfort réigiúnach seo ag fás i gcónaí agus spreagann sé forbairt na heacnamaíochta ar Chonair Eacnamaíochta an Atlantaigh.

Tá nasc idir Aerfort Iarthar Éireann agus níos mó ná 20 áit sa Ríocht Aontaithe agus san Eoraip, agus tá an rogha is mó seirbhísí chuig an Ríocht Aontaithe á cur ar fáil aige ó Iarthar agus ó Iarthuaisceart na hÉireann.

Dúirt Joe Gilmore, an Príomhfheidhmeannach: “Is muid an t-aerfort is faide siar sa tír agus tá rochtain mhaith againn ar chonair an Atlantaigh agus ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin agus tháinig breis is 250,000 duine ó thíortha thar lear tríd an aerfort in 2017 chun cuairt a thabhairt ar an réigiún dá bharr. Gineann sé seo níos mó ná €140 milliún d’eacnamaíocht an réigiúin gach bliain.”

Bhain an t-aerfort 750,000 paisinéir amach den chéad uair in 2017 agus treisíonn sé sin staid an aerfoirt mar an gceathrú aerfort is mó in Éirinn.

Tá tacaíocht á fáil ag an aerfort freisin ó sheacht n-údarás áitiúla san Iarthar agus san Iarthuaisceart. D’infheistigh siad €7.3 milliún le déanaí chun 17.5% de scairsheilbh an aerfoirt a fháil agus ba mhaith leo comhoibriú agus líonra na n-eitiltí a fhorbairt agus líon na bpaisinéirí, iostais oíche agus cuairteoirí chuig an réigiún a mhéadú sna deich mbliana amach romhainn.

“Ba mhaith linn ár mbuíochas a chur in iúl d’aitheantas an Rialtais ar an aerfort mar cheann de na ceithre phríomhaerfort sa tír agus ar staid an aerfoirt mar thionchar ríthábhachtach ar fhorbairt eacnamaíochta agus turasóireachta in Iarthar agus in Iarthuaisceart na hÉireann. Tá áthas orainn go léiríonn an Creat Pleanála Náisiúnta tionscnamh Chonair Eacnamaíochta an Atlantaigh agus go n-aithníonn sé an ról tábhachtach atá ag Aerfort Iarthar Éireann i bhforbairt na turasóireachta agus na fiontraíochta,” a dúirt Joe.

Blas uathúil a fuarthas ó aeráid uathúil Atlantach

D’fhág Louise McGuane, arb as an Clár di, slán ag saol a bhí lán le taisteal chun a gnó fuisce féin a bhunú ar Chonair an Atlantaigh.

Thaistil sí ar fud an domhain mar gheall ar a gairm bheatha ach ba chuma faoi tharraingteacht Nua-Eabhrac nó rómánsúlacht Pháras, theastaigh uaithi i gcónaí a gnó fuisce féin a bhunú a bheadh lonnaithe in áit fhoirfe, conair an Atlantaigh.

Agus é lonnaithe ar fheirm mhuintir McGuane i gCill Rois, Co. An Chláir, tá Chapel Gate Whiskey níos lú ná míle ón bhfarraige agus deir Louise, atá ina fíoriníon fheirmeora dar léi féin, go bhfuil miocraeráid “uathúil” sa cheantar.

Faigheann daoine eispéireas blaiste fuisce ar leith mar gheall ar éagsúlacht an réigiúin, cé go n-admhaíonn Louise nach mbeadh sé rómhaith do shaoire rothaíochta.

Níl ach iarmhairt bheag í seo a bhaineann le suíomh ar leith an ghnó a bhfuil tionchar buan aige ar aibiú an fhuisce.

Dúirt Louise: “Tagann an chuid is mó de bhlas fuisce ón mbairille ina dtagann sé chun cineáil, agus tá tionchar mór ag an réigiún ina stóráiltear an bairille air freisin.

“Tógann sé roinnt blianta chun an stíl a fháil amach i gceart, ach tá mise cinnte go mbeidh tionchar ollmhór ag an aeráid seo ar chósta an iarthair ar ár bhfuisce agus ar ár ngnó.”

Tá an-rath ar ghnó na drioglainne seo go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta cheana féin.

Tugann Lousie aitheantas do ghnólachtaí áitiúla de chuid eacnamaíocht an Atlantaigh as cabhrú leis seo, mar shampla, tá an táirge á dhíol i roinnt gnólachtaí anois.

Ní hamháin in Éirinn a bhfuil tóir ar an bhfuisce, ach tá an-tóir air sa Ghearmáin freisin.

Deir Louise gur chabhraigh an borradh atá faoi fhusice ar fud an domhain leis seo.

“Is branda cosanta é fuisce na hÉireann ó thaobh na tíreolaíochta de agus tá spéis mhór arís ann,” arsa Louise.

“Ba mhaith liom é seo a úsáid chun branda réigiúnach a fhorbairt.”

Is cuid rathúil agus uathúil í conair an Atlantaigh de chuid lipéad Chapel Gate Whiskey, agus tá leas á bhaint ag an réigiún as pleananna an ghnó chun níos mó fuisce a easpórtáil.

Conas a d’athraigh beirt fhear as Sligeach bord cistine ina chuideachta ilnáisiúnta bogearraí

Tá brandaí atá ar thús cadhnaíochta sa domhan ag obair le SL Controls, a bhfuil trí cheanncheathrú acu ar Chonair Eacnamaíochta an Atlantaigh.

16 bliana ó shin, bhí SL Controls ina chuideachta a bhí á reáchtail ag beirt i gcistin i Sligeach ach tá 100 fostaí i gcúig oifig acu anois, lena n-áirítear trí oifig ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.

Bhunaigh Keith Moran agus Shane Loughlin an chuideachta in 2002 agus úsáideann siad a bpríomhshuíomhanna i Sligeach, i nGaillimh, i Luimneach agus i mBaile Átha Cliath agus in Birmingham chun a margadh a mhéadú in Éirinn, sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe.

Is sainghnólacht bogearraí é SL Controls a chomhtháthaíonn agus a dheimhníonn córais bhogearraí ina dtrealamh déantúsaíochta agus próiseála.

Oibríonn siad le brandaí móra domhanda, brandaí ilnáisiúnta sna hearnálacha seo a leanas den chuid is mó: Cógaisíocht, Feistí Leighis, Cúram Sláinte agus Bia agus Deochanna.

Tá tionchar mór ag obair na cuideachta ar réimsí éagsúla innealtóireachta, go háirithe ar Shrathú Cógaisíochta, a aimsíonn drugaí ar oideas agus atá á leasú ag an gcuideachta le srian a chur le díolachán táirgí góchumtha.

Agus SL Controls ar an bhfód le breis is fiche bliain anois, tá go leor dá gcuspóirí bainte amach acu – suíomhanna éagsúla a bhunú agus go háirithe, poist a chruthú in iarthar na hÉireann.

“Bhunaigh beirt fhear as Sligeach an chuideachta seo a d’fhreastail ar a gcoláiste i Sligeach, agus bhí sé d’aidhm againn ár ngnólacht a bhunú ansin agus an rogha againn é a fhorbairt in áiteanna eile freisin,” a dúirt Keith Moran, an Stiúrthóir Bainistíochta.

“Tá trí oifig againn anois ar chósta an iarthair agus níor cuireadh aon bhac orainn go dtí seo. Ní bhíonn easpa deiseanna againn riamh a bhuíochas ar bhonneagar, ar cuireadh feabhas iontach air le blianta beaga anuas, ar aerfoirt agus ar theicneolaíocht.”

Aithníonn Keith lucht láidir saothair agus cultúr coláiste mar bhuntáistí eile a bhaineann le bheith ag obair ar Chonair an Atlantaigh.

Ina theannta sin, má tharlaíonn teagmhais aimsire, ar nós Stoirm Emma, d’fhéadfadh fostaithe obair ó chian trí ardán Microsoft 365 na cuideachta mar gheall ar fhás an leathanbhanda ardluais.

“Bíonn fás faoi na buntáistí a bhaineann le bheith ag obair san iarthar i gcónaí. Níor cuireadh bac ar bith orainn riamh mar gheall ar theicneolaíocht. Is féidir liom bheith in aerfort na Sionainne laistigh de dhá uair an chloig agus dul chuig na Stáit Aontaithe, nó in aerfort Chnoc Mhuire go tapa le haghaidh cruinnithe sa Ríocht Aontaithe.